Comhaltaí boird
Mar chomhlacht deonach ina bhfuil 12 chomhalta agus cathaoirleach, déanann an Chomhairle Ealaíon maoirseacht ar threoir straitéiseach ár gcuid oibre.
Is é an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a cheapann an bord. Bíonn na comhaltaí ar an mbord ar feadh tréimhse cúig bliana.


Maura McGrath
Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon
Dáta an cheapacháin: 12 Meitheamh 2024
Mar chomhalta boird le deich mbliana anuas agus mar chathaoirleach ó 2016, chuir Maura McGrath go mór leis an gCeoláras Náisiúnta. Bhí ról ceannaireachta aici i raon forbairtí suntasacha sa Cheoláras Náisiúnta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear aistriú na Ceolfhoirne agus na gCóir Shiansacha Náisiúnta ó RTÉ, a bhfreagra ar Covid-19 agus tiomantas do na pleananna móra atá ar bun faoi láthair chun campas an Cheolárais Náisiúnta a athrú agus a athfhorbairt ó bhonn ar Ardán Phort an Iarla.
Tá céim mháistreachta aici san iompar bainistíochta agus eagraíochtúil ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ina ball d’Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn, creidiúnaithe i Rialachas Corparáideach, agus ina ball dáimhe d’Institiúid Bainistíochta na hÉireann. Mar chomhairleoir AD, léi claochlú straitéiseach agus eagraíochtúil a chur i bhfeidhm i raon leathan gnólachtaí. Bhí roil ag Maura ar boird i ngach aon earnáil in Éirinn, ina measc an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Clinic UPMC i bPort Láirge.
Philomena Poole
Leas-Chathaoirleach
Dáta an cheapacháin: 8 Márta 2022
Is í Philomena Poole Iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (chuaigh sí ar scor i mí Bealtaine 2021). Ba í an Bainisteoir Contae i gComhairle Contae Lú í roimhe sin agus bhíodh sí ag obair i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ar feadh na mblianta.
Leis na róil sin a bhí aici, bhí sí freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus comhshaoil an chontae, stiúir sí foirne móra chun bonneagar suntasach agus cláir shóisialta a sholáthar agus chomh maith le claochlú eagraíochta a spreagadh. Le linn na tréimhse a chaith sí i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, rinne Philomena maoirseacht iomlán ar thionscadail forbartha uaillmhianacha ealaíon agus leabharlainne agus d’éirigh léi an clár Music Generation a bhunú ansin.
Tá obair déanta aici ar chláir cheannaireachta agus tionscnaimh daonchairdis le Co-Operation Ireland. Tá Céim máistir aici in Oiliúint Feidhmeannach.


Noyona Chundur
Dáta an cheapacháin: 29 Deireadh Fómhair 2024
Tá Noyona Chundur ina Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Tomhaltóirí Thuaisceart Éireann, tar éis di a bheith ina Comhalta Boird agus ina Cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Dearbhaithe Riosca roimhe seo. Seachadann sí timpeallacht rialála Thuaisceart Éireann um chosaint tomhaltóirí, le hainmniú sárghearán agus freagrachtaí reachtúla i bhfuinneamh, iompar, uisce agus séarachas, seirbhísí poist agus inrochtaineacht bia, agus achoimre maidir le cuimsiú airgeadais agus cúrsaí Imeachta ón AE.
Tá Noyona ina Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin freisin ar an Progressive Building Society agus ina Ball Comhairle do Chumann Tráchtála agus Tionscail Thuaisceart Éireann. Is Stiúrthóir Cairte í trí Institiúid na Stiúrthóirí agus bhuaigh sí Stiúrthóir na Bliana san Earnáil Phoiblí ag Gradaim Institiúid na Stiúrthóirí 2023.
Is iar-Chathaoirleach í Noyona ar cheann de na féilte ealaíon is mó le rá i dTuaisceart Éireann, Féile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise, mar chatalaíoch chun a tírdhreach cultúrtha a fhás agus chun lárionad cultúrtha Bhéal Feirste, Ceathrú na hArdeaglaise, a athnuachan trí infheistíocht a dhéanamh sna healaíona agus sa turasóireacht.
Sular thosaigh sí mar Phríomhfheidhmeannach ar an gComhairle Tomhaltóirí i mí Eanáir 2021, chaith sí 16 bliana i bhforbairt eacnamaíoch agus bhuaigh sí iliomad gradam a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh margaíochta agus nuálaíochta digití.
Andrew Clancy
Dáta an cheapacháin: 8 Márta 2022
Is ailtire agus oideoir é Andrew Clancy. Bhain sé céim amach ó UCD in 2001 agus bhunaigh sé Clancy Moore Architects in éineacht le Colm Moore in 2008. Chuir sé PhD trí chleachtas i gcríoch le RMIT in 2017.
Tar éis dó obair a dhéanamh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus tar éis dó a bheith ina Ollamh ar Cuairt i Scoil Ailtireachta Aarhus, ceapadh é mar lán-ollamh le hailtireacht i Scoil Ealaíon Kingston in 2016.
Baineann a chuid taighde le modhanna cleachtais chriticiúil sa lá atá inniu ann, agus leis an obair a dhéanann sé agus an taighde agus na nuálaíochtaí oideolaíocha a stiúrann sé sa saol acadúil. Is é an aidhm atá aige ná modh comhráiteach, a ghabhann iolracht iomlán na dteorainneacha suibiachtúla, teagmhasacha agus suite a fheidhmíonn sa chleachtas, a chur chun cinn. Mar gheall ar an obair sin vótáladh Clancy Moore Architects mar bhuaiteoir Young Architect of the Year in 2018, fuair siad Gradam Peter Davey in 2019 agus fuair siad bonn AAI Downes.
Féachann sé ar an ról atá aige leis an gComhairle Ealaíon mar bhealach chun tacú le saibhreas iomlán an chleachtais ailtireachta agus na n‑ealaíon eile.


Aoife Granville
Dáta an cheapacháin: 8 Márta 2022
Is as Daingean Uí Chúis, Ciarraí, d’Aoife Granville. Is taibheoir, oideoir agus taighdeoir í a bhfuil PhD sa Bhéaloideas/Eitnicheoleolaíocht (Dreoilín Dhaingean Uí Chúis agus Cultúir Charnabhail na hEorpa) aici. Tugann sí léachtaí faoin gCeol Traidisiúnta agus Ceol Pobail, Béaloideas agus Féile. Is Léachtóir le Béaloideas í sa Roinn Béaloidis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i láthair na huaire. Bhíodh sí ag léachtóireacht i Roinn an Cheoil (UCC), san Ionad Idirnáisiúnta um Léann Ceoil in Ollscoil Newcastle (an Ríocht Aontaithe) agus le hollscoileanna ó SAM a bhí ar cuairt in Éirinn, roimhe sin.
Tá an-seasamh ag Aoife i dtraidisiún fliúiteadóireachta comhaimseartha na hÉireann agus tá sí ag obair faoi láthair ar an tríú halbam aonair uaithi.
Bíonn Aoife ar an raidió agus teilifís go minic, agus bíonn sí ag obair agus ag foilsiú trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon. Tá sí ar Bhord Stiúrthóirí Fhéile Idirnáisiúnta Chruite Acla agus tá sí ina cuid de ‘Phainéal Saineolaithe’ Chultúr Éireann agus painéil phiarmheasúnaithe na Comhairle Ealaíon. Ba í an Stiúrthóir í ar Ionad Cultúrtha, ionad ealaíon, i nGaeltacht Mhúscraí idir Eanáir 2019 agus mí Nollag 2021 agus bhíodh sí ar roinnt bord agus coistí a bhain le hIonaid Ealaíon do Dhaingean Uí Chúis, chomh maith leis an mBord Comhairleach Seachtrach do Leas-Uachtarán agus Uachtarán UCC, 2018-2021.
Bhí baint ag Aoife le bainistiú féilte, chomh maith le tacaíocht do na healaíona agus meantóireacht, ar feadh na mblianta freisin.
Gary Granville
Dáta ceapacháin: 17 Bealtaine 2024
Tá an Dr Gary Granville ina Ollamh Emeritus san Oideachas agus ina Stiúrthóir Eatramhach ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh, Baile Átha Cliath. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach Cúnta ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in Éirinn. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar dhearadh agus ar thabhairt isteach clár náisiúnta, lena n-áirítear an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Clár Scoileanna na Sraithe Sóisearaí agus tionscnaimh in oideachas saoránachta, in oideachas fiontraíochta agus sna healaíona.
Le blianta beaga anuas bhí sé ina chathaoirleach ar Ghrúpa Forbartha na hEalaíne CNCM sa tsraith shóisearach agus san Ardteistiméireacht. Tá taithí leathan ag Gary Granville mar bhall de ghrúpaí comhairleacha beartais lena n-áirítear Éire Ildánach, an tÚdarás um Ard-Oideachas, an Chomhairle Mhúinteoireachta, CNCM agus comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile. Áirítear lena chuid foilseachán leabhair, ailt agus tuarascálacha coimisiúnaithe ar oideachas ealaíon, ar bheartas curaclaim agus measúnaithe, ar stair an tsaothair agus ar shaoránacht dhomhanda. Is cainteoir dúchais Ghaeilge é agus oibríonn sé tré mheán na gaeilge mar is cuí.


Brian Lavery
Dáta an cheapacháin: 8 Márta 2022
Is bainisteoir ag Google é Brian Lavery, áit a mbainistíonn sé comhpháirtíochtaí ríomhthráchtála Eorpacha. Ba é stiúrthóir bainistíochta Eorpach AccuWeather é, an comhlacht réamhaisnéis aimsire agus meán is mó ar domhan, agus bhí poist bainistíochta tráchtála, margaíochta agus comhairliúcháin aige in Twitter, Vodafone agus McKinsey & Co.
Ba thuairisceoir Éireann é Brian, tráth níos luaithe ina ghairm bheatha, do The New York Times, agus chumhdaigh sé cúrsaí ealaíon, chomh maith le cúrsaí reatha, cúrsaí polaitíochta, cúrsaí gnó agus Tuaisceart Éireann. Ba léirmheastóir ealaíon neamhspleách é freisin agus chumhdaigh sé an amharclannaíocht agus damhsa do mheán na hÉireann, lena n‑áirítear Irish Independent agus RTÉ.
Bhí Brian ina chathaoirleach ar The Ark, ionad cultúrtha na hÉireann do leanaí, le linn tréimhse 9 mbliana ar an mbord. Mar chathaoirleach, stiúir sé clár feabhsaithe rialachais cuimsitheach agus chabhraigh sé chun straitéis na heagraíochta a mhúnlú agus a oiriúnú roimh phaindéim COVID-19 agus ina diaidh.
Chaith sé tamall ar bhord Chairde Éanlaith Éireann, lena n‑áirítear seal mar chisteoir. Tá MBA aige ó Scoil Ghnó Columbia, chomh maith le Teastas Gairmiúil i Rialachas Corparáideach ón bhForas Riaracháin agus BA i Litríocht an Bhéarla ó Ollscoil Yale, áit ar scríobh sé a thráchtas ar ról na nuachtán agus na meán in Ulysses.
Dr. Rosaleen McDonagh
Dáta an cheapacháin: 29 Deireadh Fómhair 2024
Is bean faoi mhíchumas den Lucht Siúil í Rosaleen McDonagh as Sligeach ó dhúchas. D’oibrigh sí in Ionad Lucht Siúil & Romach Pavee Point ar feadh deich mbliana, ag bainistiú chlár Foréigin in aghaidh na mBan, agus tá sí fós ina ball boird. Tá BA ag Rosaleen i Léann an Bhíobla & na Diagachta, MPhil sa Léann Eitneach & Ciníoch & MPhil sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach, ar fad Ollscoil Northumbria. Is rannpháirtí rialta í san Irish Times agus scríobhann sí laistigh de chreat de pheirspictíocht fheimineach an Lucht Siúil. Áirítear ar shaothar McDonagh Mainstream, The Baby Doll Project, Stuck, She’s Not Mine, Rings agus Contentious Spaces. Ceapadh Rosaleen chuig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas i mí Bealtaine 2020, áit a bhfuil sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Míchumas.
In 2018, léirigh Fishamble dráma Rosaleen Running Out of Road san Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann. Bhí Rosaleen ina scríbhneoir cónaithe le Tuti Theatre Company in Adelaide, san Astráil in 2019.
Tá Rosaleen faoi choimisiún Amharclann na Mainistreach faoi láthair, agus tá oiriúnú á scríobh aici ar A Dolls House le hIbsen. Tá Rosaleen ag obair ar dhá leabhar do Skein Press freisin. Cnuasach gearrscéalta atá sa chéad cheann dar teideal “Contentious Spaces”. Ina tríú leabhar “Bearings a Letter to Amy & Rosie Bridget”, tá litir chuig bean óg den Lucht Siúil agus litir chuig bean óg faoi mhíchumas.


Brian Ó Gáibhín
Dáta ceapacháin: 17 Bealtaine 2024
Is as Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath é Brian Ó Gáibhín, agus faoi láthair tá sé ina Phríomhoifigeach Oibríochtaí ar Áras Chrónáin Ionad Cultúir i mBaile Átha Cliath áit a ndéanann sé bainistíocht agus maoirseacht ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm clár fairsing, éagsúil agus cuimsitheach Ealaíon, Cultúir agus Léirithe i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta.
Tá BA san Oideachas agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Teicneolaíocht Faisnéise (OCBÁC) ag Brian. Go luath ina shaol, bhí Brian ina mhúinteoir Gaelscoile, ina láithreoir ar TG4 agus ina Cheann ar Roinn an Cheoil ag Scoil Idirnáisiúnta Chouiefat san U.A.E. Thaistil sé go forleathan ar fud an domhain freisin mar Bhainisteoir Turais d’Ealaíontóirí Idirnáisiúnta.
Bhí Brian ina bhall gníomhach / ina chathaoirleach ar go leor bord agus coistí. Ba Chathaoirleach Thurasóireacht Dheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath 2004-2015 é Brian agus bhí sé lárnach i dtabhairt Oireachtas na Cruinne 2017 agus Oireachtas na Samhna 2019 chuig Deisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Threoraigh Brian Áras Chrónáin chuig Gradaim Áite IPB Uile-Éireann do ‘Thionscnamh Áit Chruthaitheach’ 2018. D’fhorbair Brian agus stiúraigh sé stádas oifigiúil ‘Líonra Gaeilge’ a bhaint amach in 2020 do Shráidbhaile Chluain Dolcáin, an chéad cheann i stair an stáit. Faoi láthair tá Brian ar Bhord Stiúrthóirí Chomhlachas Tráchtála Dheisceart Bhaile Átha Cliath agus ar Bhord an Oireachtais, agus tá sé ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Náisiúnta na Líonraí Gaeilge.
Caroline Ann O’Sullivan
Date of appointment: 2 December 2024
Caroline Ann O’Sullivan is a senior lecturer and Head of the School of Media in Technological University Dublin where she has worked since 2017.
She was previously co-director of the Centre for Creative Arts Research and Senior Lecturer in Creative Media in Dundalk Institute of Technology where she lectured from 2000-2017. A cultural sociologist, Caroline has lectured across the disciplines of Media and Film Studies, Digital Media Culture, Popular Music and intersectional issues in Creative Media Industries.
Caroline holds a PhD in Sociology from Trinity College Dublin, an MSc in Multimedia from DCU and a BA in Sociology and Information Science from UCD. She has published and presented worldwide on intersectional issues in the arts and media, gender and class in the music and screen industries; media literacy, popular culture, identity and expression online and the night time economy.
Caroline has extensive experience in committee membership and oversight. She was previously a member of the management committee of Honeycomb – Creative Works, a €5,000,000 INTEREG IV project funded by SUEPB promoting the Creative Industries across the border counties of the Republic of Ireland, Northern Ireland and West of Scotland. She is currently a member of the steering committee of the European wide Live Music Mapping project and is the branch chair of the UK and Ireland branch of the International Association of the study of Popular Music.


Gaby Smyth
Dáta ceapacháin: 17 Bealtaine 2024
Rinne Gaby Smyth staidéar i COBÁC (B. Sc Onóracha, HDE), Ollscoil Luimnigh (M.A), Scoil Cheoil Laighean, agus is comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte é, ag cáiliú freisin mar Idirghabhálaí Deimhnithe (CEDR, Londain). Tá sé ag obair i gcomhairleacht airgeadais agus cánachais le breis agus tríocha bliain, ag speisialú sna healaíona litríochta, sa ceol, sa scannánaíocht, sa drámaíocht agus sna hamharc-ealaíona – ag déanamh ionadaíochta agus comhairle ar go leor de na cleachtóirí móra Éireannacha agus idirnáisiúnta sna réimsí seo.
Bhí baint ag Gaby freisin le ceannaireacht agus rialachas go leor eagraíochtaí ealaíon in Éirinn; bhí sé ina chathaoirleach ar bhoird Temple Bar Gallery & Studios, Corn Exchange Theatre Company, agus TEAM Educational Theatre Company. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar bhoird Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath agus Chompántas Ceoldrámaíochta; agus b’eisean an chéad chathaoirleach ar Cheoldrámaíocht Náisiúnta na hÉireann. Ina theannta sin, bhí sé ina chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar Boulder Media Ltd., cuideachta mhór beochana Éireannach, agus ar an gcéad chathaoirleach neamhspleách ar Léiritheoirí Físe Éireann, an scátheagraíocht don tionscal scannán, beochana agus teilifíse sa stát. Ina theannta sin, bhí sé ina chathaoirleach ar bhord Amnesty International Ireland idir 2001 – 2005, agus arís ó 2010 go 2014. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Fhóram na gCathaoirleach Idirnáisiúnta d’Amnesty International.
Jillian van Turnhout
Dáta an cheapacháin: 29 Deireadh Fómhair 2024
Is comhairleoir í Jillian van Turnhout a chuireann seirbhísí rialachais, roghnúcháin feidhmigh agus abhcóideachta ar fáil do chuideachtaí agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús. Is Stiúrthóir deimhnithe í Jillian le Clár Stiúrthóirí Idirnáisiúnta INSEAD (IDP-C) agus bhain sí an Teastas i Stiúrthóireacht Cuideachta amach ón Institiúid Stiúrthóirí freisin. Is iarSheanadóir neamhspleách í Jillian van Turnhout agus tá cáil uirthi mar gheall ar an obair a rinne sí chun cearta leanaí a chur chun cinn. Anuas ar a bheith ina ball de Bhord na Comhairle Ealaíon, tá sí ina Leas-Cathaoirleach (Stiúrthóir) ar Ghluaiseacht na hEorpa – Éire; ina hIontaobhaí (Stiúrthóir) ar ‘One in Four’ agus ina hIontaobhaí (Stiúrthóir) ar Luath-Óige – Éire. Roimhe seo, bhí sí ina hUachtarán ar chomhlacht Comhairleach AE, an Coiste Eorpach um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta, Luath-Óige – Éire; ina Príomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí; ina hArdchoimisinéir ar Bhanóglaigh na hÉireann; agus ina hUachtarán ar Chomhairle Náisiúnta na nÓg. Tá Jillian ina comhbhunaitheoir d’Fhóram Óige na hEorpa. Bhronn Uachtarán na Fraince an gradam iomráiteach ‘Chevalier de l’Ordre National du Mérite’ ar Jillian agus bhronn Coláiste Ríoga na Lianna in Éirinn Comhaltacht Oinigh uirthi.


Richard Yarr
Dáta ceapacháin: 17 Bealtaine 2024
Tá Richard Yarr ar dhuine de na gairmithe ealaíon is cáiliúla i dTuaisceart Éireann: léiritheoir Ceoil agus Ealaíon a bhfuil gradaim buaite aige le BBC; nuálaí aitheanta san earnáil; agus faighteoir Onóra Náisiúnta – MBE as Seirbhísí don Cheol. Is Leas-Leifteanant ar Chontaebhuirg Bhéal Feirste é freisin.
Tá taithí shubstaintiúil ag Richard ar choistí agus carthanachtaí rialtais áitiúil a threorú. Tá sé ina Chathaoirleach ar Fhéile Ceoil & Scoil Samhraidh Charles Wood; Stiúrthóir Ealaíne ar Chomórtas Orgánach Idirnáisiúnta Thuaisceart Éireann, a bhunaigh sé in 2011; Comhairleoir Ceoil do CCE (An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe & Measúnaithe, TÉ) agus Stiúrthóir Ceoil san áit adhartha is sine i mBéal Feirste. Tá sé ina Chomhalta Ceoil ag Scoil Ardeaglais Lichfield in Staffordshire agus ina Phátrún ar Chomórtas Ceoltóir Óg na Bliana Thuaisceart Éireann agus ar Fhéile Urlabhra, Drámaíochta, Cheoil & Ealaíne an Lagáin araon.
Chomhordaigh Richard clúdach náisiúnta BBC ar Derrry~Londonderry UK City of Culture in 2013 agus, mar thacadóir láidir ar chomhpháirtíochtaí Ealaíon, chruthaigh sé Comórtas Chór Scoile na Bliana BBC Thuaisceart Éireann in 2015 – comhpháirtíocht idir BBC, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Cór Náisiúnta Óige Thuaisceart Éireann. Is Comhalta de Chumann Ríoga na nEalaíon é Richard agus Saorfhear de Chathair Londan.