Straitéis agus cur chun feidhme
Is in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a leagtar amach ár bhfís d’fhorbairt na n-ealaíon idir na blianta 2016-2025.
Cuirfear an straitéis sin chun feidhme trí shraith pleananna trí bliana.
Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh
Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú
Is in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a leagtar amach ár bhfís d’fhorbairt na n-ealaíon idir na bliana 2016-2025. Is straitéis athraithe agus athnuachana í ina n-aithnítear an gá le rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil. Cuirtear luach inti ar ról ríthábhachtach na n-ealaíon don bheatha. Tugtar tacaíocht thréan inti d’ealaíontóirí uaillmhianacha agus nuálacha chun saothar den scoth a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá cúig limistéar tosaíochta i gceist in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh:
- An tEalaíontóir
- Rannpháirtíocht an phobail
- Straitéis infheistíochta
- Pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach
- Cumas a fhorbairt

Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh i mbun gnímh
Cuirtear cuspóirí agus spriocanna chun feidhme trí shraith pleananna trí bliana.
- Tacaíocht, maoiniú agus rannpháirtíocht le haghaidh tuilleadh daoine
- Tuilleadh Spásanna le haghaidh na n-ealaíon
- Tuilleadh Áiteanna chun blaiseadh de na healaíona a fháil