Ár mbunús 

In 1948 choimisiúnaigh rialtas idirpháirtí na hÉireann an Dochtúir Thomas Bodkin, iar-Stiúrthóir ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann agus tráth an ama sin Stiúrthóir ar Barber Institute in Birmingham, chun staid na n-ealaíon sna sé chontae is fiche in Éirinn a fhiosrú agus tuairisc a thabhairt don Rialtas. 

Tugadh le fios i dtuarascáil an Dr Bodkin go raibh faillí á déanamh sna healaíona, agus mar sin thug an Taoiseach, an tUasal John A Costello, TD, isteach i nDáil Éireann an Bille a ritheadh ina dhlí mar an tAcht Ealaíon, 1951, ag bunú comhairle ealaíon ar a dtabharfaí An Chomhairle Ealaíon feasta.  

Oifigí na Comhairle Ealaíon ag 70 Cearnóg Mhuirfean ó Lúnasa 1959.

Is cúis áthais mhóir é, i dtréimhse lena mbaineann achrann agus strus, go bhfuil tacaíocht chomh comhaontach agus chomh díograiseach do Bhille a bhaineann le cúrsaí an spioraid, na mínealaíona… ba cheart an chomhairle ealaíne seo a chur ar bun agus a chur ag obair láithreach. 

An Taoiseach John A Costello ag labhairt le Seanad Éireann, Bealtaine 1951

An tAcht Ealaíon, 1951 

Bunaíodh An Chomhairle Ealaíon leis an Acht Ealaíon, 1951 chun suim an phobail sna healaíona a spreagadh; a n-eolas, a meas orthu agus a gcleachtas a chur chun cinn; agus cuidiú le caighdeáin ealaíne a fheabhsú. Ba iad na healaíona a raibh sé de chumhacht ag an gComhairle iad a chur chun cinn i dtosach ná, “péintéireacht, snoíodóireacht, ailtireacht, ceol, drámaíocht, litríocht, dearthóireacht tionscail, na mínealaíona agus na healaíona feidhmeacha i gcoitinne.” 

Faoi théarmaí an Achta Ealaíon, 1951, tá bord agus baill foirne ar an gComhairle Ealaíon. 

Bhí an Bord comhdhéanta de Stiúrthóir arna cheapadh ag Uachtarán na hÉireann, seisear gnáthchomhaltaí arna gceapadh ag rialtas na hÉireann agus cúigear ball arna gcomhthoghadh ag an Stiúrthóir agus ag na gnáthchomhaltaí. 

Cheap an tUachtarán Patrick J Little, TD, ina Stiúrthóir ar an 4 Nollaig 1951 agus rinne an Rialtas gnáthchomhaltaí a cheapadh ar an dáta céanna. 

Ar an 2 Eanáir 1952 chuaigh an Chomhairle isteach ina hoifigí ag 45 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2. Tionóladh a chéad chruinniú iomlán ar an 25 Eanáir 1952 agus d’fhreastail an Taoiseach Eamon de Valera TD agus John A Costello SC TD, ceannaire an Fhreasúra air. Labhair an bheirt fhear leis an gComhairle agus ghuigh siad gach rath ar na comhaltaí ina gcuid oibre. 

Is é an Bord, dá ngairtear an “Chomhairle”, an comhlacht rialaithe a thagann le chéile thart ar dheich n-uaire sa bhliain chun cinneadh a dhéanamh ar aon nithe a chuirtear os comhair a chomhaltaí. Tá gach cumhacht dhlíthiúil faoin Acht dílsithe don Chomhairle i seisiún agus teastaíonn cinntí foirmiúla ón gComhairle i gcás fhormhór na ngníomhaíochtaí. 

£10,000 an dearlaic Stáit don chéad bhliain airgeadais iomlán (1 Aibreán 1952-31 Márta 1953). 

Sa phictiúr ag an gcéad chruinniú: Ó chlé go deas, sna suíocháin chúil: An tUasal John Maher, An tOllamh Séamus Ó Duilearga, An Dr Richard J Hayes, An Seanadóir Edward A McGuire, An tOllamh Dónal Ó Corcora, An tUasal Muiris Ó Muimhneacháin, Rúnaí, Roinn an Taoisigh, An Dr William O Sullivan, Rúnaí, An Chomhairle Ealaíon. 

Ó chlé go deas, sna suíocháin tosaigh: An tUasal Thomas McGreevy, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, an Taoiseach Eamon de Valera, TD, an tUasal Patrick J Little, TD, Stiúrthóir, an tUasal John A Costello SC, TD, Iarla Rosse, Muriel Gahan Uasal. Ionsuiteán – Dr Alfred Chester Beatty. 

An chéad chruinniú den Chomhairle Ealaíon

Croíghníomhaíochtaí a dhíorthaítear ón Acht Ealaíon, 1951: 

  • Cúnamh airgeadais díreach nó cúnamh airgeadais a sholáthar trí ráthaíocht i gcoinne caillteanais d’eagraíochtaí ealaíne i dtreo a dtionscadal nó a gclár ealaíne, amhail taispeántais, drámaí, ceoldrámaí, féilte drámaíochta, ceadail, léiriúcháin, ceolchoirmeacha, bailéanna, léachtaí agus foilseacháin. 
  • Taispeántais d’ealaíontóirí Éireannacha in Éirinn a léiriú chomh maith lena dtabhairt thar lear agus taispeántais eachtracha a thabhairt go hÉirinn. 
  • Clár scéimeanna a thionscnamh agus a oibriú, amhail na scéimeanna comhcheannaigh nó hallaí i gceantair thuaithe. 
  • Réimse dámhachtainí a thionscnamh agus a oibriú trína mbronntar cúnamh airgeadais go díreach ar dhaoine aonair trí scoláireachtaí, comhaltachtaí, comórtais nó duaiseanna. 
  • Comhairle a chur ar fáil don rialtas agus do ranna rialtais agus dá gníomhaireachtaí maidir le cúrsaí ealaíne. Féadfaidh comhaltaí na Comhairle aighneachtaí a dhéanamh chuig comhlachtaí éagsúla freisin gan a gcomhairle a lorg. 
  • Cistí iontaobhais a riaradh. An Chomhairle Ealaíon, tar éis di glacadh le bronntaí airgid chun iontaobhais de chineál ealaíonta a bhunú faoi théarmaí an Achta Ealaíon, 1951, riarann sí cistí iontaobhas, amhail Fondúireacht William J.B. Macaulay, ciste Institiúid Éireannach Nua-Eabhrac agus fondúireacht Chuimhneacháin Denis Devlin. 
  • Seirbhís faisnéise a chur ar fáil. Freagraíonn Rúnaí na Comhairle Ealaíon fiosruithe ginearálta ó Éirinn agus thar lear faoi ghníomhaíochtaí ealaíne agus cuireann sé comhairle ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le cúrsaí ealaíne. 

Ár gcartlann 

An tábhacht a bhaineann le hoidhreacht 

Tugann an chartlann cuntas luachmhar ar gach gníomhaíocht ealaíne in Éirinn a thionscain an Chomhairle Ealaíon agus ar thacaigh sí léi.

Bhí Mervyn Wall thar a bheith feasach ar an stair agus ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis a choinneáil. Bhí sé cáiréiseach leis an gcóras comhdúcháin simplí, ach thar a bheith éifeachtach, a choinneáil. 

Oliver Dowling, Eagraí agus Oifigeach Taispeántas, 1967-1974
Mervyn Wall, Rúnaí na Comhairle Ealaíon. 

Tá ceithre chomhpháirt ar leith sa chartlann: 

  • Tuarascálacha bliantúla (tá cóipeanna digiteacha de gach tuarascáil bhliantúil ó 1951 ar fáil ar líne ar ár suíomh gréasáin);
  • Cláir oibre/miontuairiscí chruinnithe míosúla na Comhairle; 
  • Mórleabhair; 
  • Sraith comhad ina bhfuil an comhfhreagras go léir idir an Chomhairle agus a raon leathan páirtithe leasmhara. 

Tháinig an tsraith comhad, atá ina phríomhchuid den chartlann, ar an bhfód mar thoradh ar chóras coimeádta taifead a thug an chéad Rúnaí ar an gComhairle Ealaíon, an Dr William (Liam) O’Sullivan, isteach agus a d’fhorbair a chomharba Mervyn Wall ina dhiaidh sin i gcaitheamh na 18 mbliana a lean. Bhí sé mar aidhm ag an gcóras ‘inmheánach’ seo comhfhreagras agus cáipéisí éagsúla a d’eascair as gníomhaíochtaí na Comhairle a eagrú agus a choinneáil. 

Is trí choinne amháin a dhéantar rochtain ar an gcartlann. 

An chéad chlár comhad de chuid na Comhairle Ealaíon (1951-1975).