Iasachtaí ón mBailiúchán 

Is maith linn iarratais a fháil chun saothair ealaíne a fháil ar iasacht lena dtaispeáint i bhfoirgnimh ar féidir teacht orthu go héasca agus atá saor in aisce don phobal. Tá iasachtaí faoi réir comhaontú foirmiúil. D’fhéadfadh tréimhsí éagsúla a bheith i gceist leis na hiasachtaí, mar shampla, iasacht ghearrthéarmach faoi choinne taispeántais shealadacha ghearrthéarmacha agus iasacht fhadtéarmach i gcomhair taispeántais fhadtéarmacha i spásanna poiblí macasamhail scoileanna, otharlann nó coláistí. 

Ní chosnaíonn sé dada chun saothair ealaíne a fháil ar iasacht ón mBailiúchán. Mar sin féin, is gá don iasachtaí íoc as cúrsaí iompair, láimhsiú ealaíne agus cúrsaí árachais. 

Fantastical painting of a person having a picnic by water. They are surrounded by various animals including an upside down orange cow and a seal at their feet. Behind them is a river and past that are buildings and cranes.
Elizabeth Cope | ‘Last Picnic on London City Island’ | 2020 | Ola ar chanbhás.

Tá foireann an Bhailiúcháin sásta comhairle a chur ar iasachtaithe féideartha faoin bpróiseas agus faoin mbealach is fearr le saothar a roghnú. 

Má bhíonn ceist ar bith agat faoi iasachtaí ón mBailiúchán, cuir ríomhphost chuig collection@artscouncil.ie

A woman stands in a red tracksuit in front of a cinderblock wall. She throws milk from a bottle in front of her which is caught in motion going upward.
Amanda Coogan | ‘Mississippi Goddamn!’ | 2004 | prionta cróim lambda feistithe le diamaint | 122 x 91 cm