Tú féin a ullmhú don agallamh 

Tá agallaimh leis an gComhairle Ealaíon bunaithe ar inniúlacht. Tá na ceisteanna ar aon dul le grád an róil. 

Le linn an agallaimh, beidh deis agat do chuid scileanna a thaispeáint le samplaí a léiríonn do shuim, d’oiriúnacht agus d’fhís maidir leis an ról. 

Plé painéil ag an gComhdháil Lucht Déanta Féilte 2023. Grianghraf: Emilija Jefremova.

Lántairbhe a bhaint as deis an agallaimh 

1. Bí ar an eolas

Léigh an sainchuntas poist agus leabhrán eolais d’iarratasóirí arís. Féach arís ar do CV agus bí réidh le plé a dhéanamh ar an gcaoi a n-oireann do thaithí dár gceanglais. Bí soiléir maidir le do spéis sa ról agus maidir lenar féidir leat a dhéanamh don Chomhairle Ealaíon, i do ról. 

2. Athbhreithniú ar na freagrachtaí

Téigh siar ar inniúlachtaí an róil agus an ghráid sa Leabhrán Eolais d’Iarratasóirí. Cuir eolas ar obair na Comhairle Ealaíon. 

3. Athbhreithniú ar na hinniúlachtaí 

Téigh siar ar inniúlachtaí an róil agus an ghráid sa Leabhrán Eolais d’Iarratasóirí. Cuir eolas ar obair na Comhairle Ealaíon.  

4. Seiceáil sonraí an agallaimh

Tabhair faoi deara dáta agus am an agallaimh. Má iarrtar ort cur i láthair a sheoladh isteach roimh ré, tabhair an spriocdháta faoi deara. 

5. Bí réidh chun an beart a dhéanamh!

Iarrfar ort do thaithí agus scileanna a mhíniú le samplaí de do thaithí oibre reatha/roimhe seo. Molaimid an modh STAR a úsáid le struchtúr a chur ar d’fhreagraí ar na ceisteanna seo: na dálaí (Situation) a raibh ort dul i ngleic leo; an tasc (Task) a tugadh duit; an gníomh (Action) a rinne tú; agus toradh (Result) an ghnímh agus a bhfuil foghlamtha agat ón eispéireas. 

6. An ritheann aon cheist leat?

Táimid ag iarraidh go mbeifeá ar do shuaimhneas, go n-éistfeá go gníomhach agus go bhfreagrófá. Comhrá dhá bhealach is ea agallamh, mar sin ná bíodh drogall ort ceist ar bith a chur ar an bpainéal. 

Freastal ar an agallamh 

Agallamh i láthair go pearsanta

Déantar agallaimh i láthair go pearsanta ag an gComhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean Theas, Baile Átha Cliath 2. Beidh tú curtha faoi agallamh i láthair go pearsanta ag painéal saineolaithe, a dtabharfaidh a gcuid ceisteanna deis duit do scileanna agus do thaithí a léiriú chun cuidiú leo cinneadh a dhéanamh maidir le d’oiriúnacht don ról. 

YGheobhaidh tú nasc chun rochtain a fháil ar an agallamh trí Zoom nó Teams. Cuirfear faoi agallamh thú trí nasc físe beo ina mbeidh painéal saineolaithe, a dtabharfaidh a gcuid ceisteanna deis duit do scileanna agus do thaithí a léiriú chun cuidiú leo cinneadh a dhéanamh maidir le d’oiriúnacht don ról. 

Molaimid duit do cheangal idirlín, an fhuaim agus an físeán a thástáil roimh ré. Má thagann fadhb theicniúil chun cinn, ná bí buartha! Déanfaimid ár ndícheall an fhadhb a réiteach agus leanúint ar aghaidh leis an agallamh. 

Buail leis an gComhairle Ealaíon, ag an Complex i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Ger Holland.